Skip to main content

Síneoidh an t-údar gach leabhar a cheannóidh tú le teachtaireacht speisialta don duine mór i do shaol.

KAPHEUS SERIES

Tá an tSraith leabhair do pháistí Kapheus suite i dtírdhreach na hÉireann ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus is scéal fantaisíochta eachtraíochta é do pháistí os cionn 7 mbliaina d’aois.

FAOI MARGUERITE

Is í Marguerite Tonery an scéalaí agus an t-údar fuinniúil agus cruthaitheach a scríobh an tSraith Kapheus.

Go raibh maith agaibh as teacht anseo chuig mo shuíomh gréasáin.  Marguerite Tonery is ainm dom agus chruthaigh mé an Sraith Kapheus do pháistí.  Tá na leabhair seo lán le laochra miotaiseolaíochta agus le hoidhreacht na hÉireann.  Nuair a scríobh mé na leabhair seo, chuir mé béim mhór ar  chultúr na hÉireann agus ar spiorad na hÉireannaigh.  Táim bródúil as an dtír seo agus bhí sé tabhachtach dom píosa dár gcuid dteanga a chuir isteach sa leabhair.  Mar sin, deireann na síofraí cúpla abairt as Gaeilge tríd na leabhair. Tá an leabhar, Kapheus Water, an-thabhachtach dom agus canann  an síoga, Sinann, an suantraí Seoithín Seó tríd an leabhar.  

Chuir mé brí agus anam i mo chuid scríobh nuair a fuair Kapheus Earth spás ar seilfeanna leabhar i siopaí leabhar ar fud na tíre  ag am Nollaig 2014.  Tháinig an maisitheoir, an dearthóir, an clódóir agus na bainisteoirí siopaí le chéile chun go mbeinn in ann mo sprioc a shroich. Ba é David T. Wenzel, an maisitheoir don leabhar The Hobbit, an maisitheoir do Kapheus Earth, Kapheus Air (Nollaig 2015) agus Kapheus Water (Nollaig 2016).

Fuair an tSraith Kapheus alán léarmheasanna dearfach sa nuachtáin, sna hirisí, sna blaganna agus ar na stáisiúin raidió in Éirinn.  Bhí Kapheus Air ar an seilf leabhar eisiach ar an Late Late Toy Show ag am Nollaig 2016.

 

FÍSEÁIN BEO

Shopping Cart